Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)

Suíomh:
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Giolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 353

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 353

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Leathanach 353
  3. XML “Bolgaidín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fúair Blogaidín thuas i tháinig sé amac as an mála líon sé suas lé clocha é agus rith leis abhaile inghan fhios do chailleach. Núair a tháinig sí anuas chaith sí an ubhall isteach san mála agus níor bhreathnuigh sí ar chor ar bith ann. Núair a tháinig sí chuig an teach ní dheacha sí isteach ar chor ar bith ann acht dhul suas ar bárr an seimléar agus an mála a chaitheamh anuas agus bhí pota uisge te ar an teine agus chaith sí anuas an mála ag ceapadh gurbh Bolgaidín a bhí ann céard a dheineadh acht an pota a bhriseadh agus an tuisge a dhoirteach ar fud an teaghlach na teaghlaighe agus dóigheadh an bheirt chailleach a bhí suidheacht ag an teine agus bhí fearg mhór orraibh agus bhíodar ag troid agus a cainnt ar feadh trí lá, agus annsin dubhairt an dára chailleach go ngabhfadh sí féin dhá iarradh, Chuaidh, acht thuit na rudaí céadhna amach díreach mar thuit sé amach don chéad chailleach gimthigh Bolgaidín uaithe ag an gcránn ubhlaí. Dubhairt an triomhad chailleach go ngabhfadh sí féin dhá iarrach Chuaidh agus bhí sé aici núair tháinig sí abhaile chuir sí anonn i seomra é faoi ghlas. Oidhche Dé Sathairn s bhí ann agus thug sí ordú do chailleach eile fanacht on Aifreann Dé Dómhnaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT0700: Tom Thumb
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Conghaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Inis Oírr, Co. na Gaillimhe