Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)

Suíomh:
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Giolláin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cailleachaí na nAdharca

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 366

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí bean ann fadó agus is fad ó bhí agus dá mbeadh sí ann an uair sin ní beadh sí ann anois agus bheadh sgéal maith nó droch sgéal aicí nó bheadh sí gan aon sgéal.
Bheul. nuair a bhí. bí sí ina suidhe go deireannach an oiche Satharn seo agus bhí sí a sníomh agus ina bhí ar uair an mheadhon oiche d'fhosgail an doras agus tháinig cailleach isteach a raibh aon adhac amhain uirthi agus bhí roth túirne aici. Ní raibh sí acht istigh nuair a bhí buille eile ag a doras agus labhair duine taobh amuigh.
Má tá cailleach an adharc amhain istigh leigfidh sí cailleach na dhá adharc isteach". adubhairt si. D'eirigh an chailleach a bhí istigh agus dfosgail sí an doras agus tháinig cailleach eile isteach a raibh dhá adharc uirthi agus bhí cosa na tuirne aicí. Shuidh sí síos is níor labhair sí focal agus ba ghearr a bhí sí ann go raibh buille ag an doras labhair guth gharbh taobh amuigh.
Ma ta cailleach na dha adharc istigh leigfidh sí cailleach na dtrí adharc isteach" adubhairt sí.
D'eirigh an dára cailleach a bhí istigh agus d'fosgail sí an doras agus tháinig isteach cailleach a raibh trí adharc uirthí agus bhí píosa go shnúdha aicí. Shuidh sí síos ar stól i lár an úrláir agus ina shuidh d'airigh sí buille ag an doras agus bhí duine eicint a cainnt taobh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Treasa Ní Ghiolláin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Onóir Ní Ghríobhtha
Inscne
baineann
Seoladh
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge