School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)
- Location:
- Inis Oírr, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Giolláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
- XML Page 353
- XML “Bolgaidín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fúair Blogaidín thuas i tháinig sé amac as an mála líon sé suas lé clocha é agus rith leis abhaile inghan fhios do chailleach. Núair a tháinig sí anuas chaith sí an ubhall isteach san mála agus níor bhreathnuigh sí ar chor ar bith ann. Núair a tháinig sí chuig an teach ní dheacha sí isteach ar chor ar bith ann acht dhul suas ar bárr an seimléar agus an mála a chaitheamh anuas agus bhí pota uisge te ar an teine agus chaith sí anuas an mála ag ceapadh gurbh Bolgaidín a bhí ann céard a dheineadh acht an pota a bhriseadh agus an tuisge a dhoirteach ar fud an teaghlach na teaghlaighe agus dóigheadh an bheirt chailleach a bhí suidheacht ag an teine agus bhí fearg mhór orraibh agus bhíodar ag troid agus a cainnt ar feadh trí lá, agus annsin dubhairt an dára chailleach go ngabhfadh sí féin dhá iarradh, Chuaidh, acht thuit na rudaí céadhna amach díreach mar thuit sé amach don chéad chailleach gimthigh Bolgaidín uaithe ag an gcránn ubhlaí. Dubhairt an triomhad chailleach go ngabhfadh sí féin dhá iarrach Chuaidh agus bhí sé aici núair tháinig sí abhaile chuir sí anonn i seomra é faoi ghlas. Oidhche Dé Sathairn s bhí ann agus thug sí ordú do chailleach eile fanacht on Aifreann Dé Dómhnaigh(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Inis Oírr, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Conghaile
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Inis Oírr, Co. Galway