School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 352

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 352

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 352
  3. XML “Bolgaidín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici agus bhíodar an-bhocht. Bhí an mac cho ramhar sin go raibh a cháil ar fud an domhain. Bhí triúr chailleach ins an Domhan Thoir agus tháinig duine acu ag iarradh Bolgaidín le béilidh mór a dheanamh dhe. Bhí fhios ag an Mhathair go raibh sí lé theacht agus bhí an mac istigh sa gcófra aici. Tháinig sí agus shuidh sí síos agus bhí mála in a druim aici agus bhí sí ag cómhradh leis an mbean ar nós duine ar bith. Igceann tamaill labhair an chailleac anonn le Bolgaidín. 'Gabh anall annseo. Tá aráin agus im agus gach rud annseo i mo mhála'. Ghlaodh sí trí uaire air agus níor tháinig sé. Tháinig sé anall annsin agus chrom sé síos a chloigeann ins an mála leis na rudai deasa a fhághail. Deirigh sí agus bhrúgh sí sios ann é agus dimthigh sí leis amach an doras. Bhíodar ag imtheacht go dtáinig siad cho fada lé cránn ubhlaí agus labhair Bolgaidín amach léithí. 'Ní dheacha mo Mháthairín fhéin thar an gcránn seo ariamh gan ubhall a thabhairt dhom'. 'Bheul', adeir an chailleach beidh sé sin lé rádh agat liomsa ag fágáil síos an mála agus ag dul suas ins an mála agus ag dul suas ins an gcránn ag fághailt úbhall. Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT0700: Tom Thumb
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    Inis Oírr, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Conghaile
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Inis Oírr, Co. Galway