Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ar leanamhaint 20adh-5-38

Do lean an cailín eile ag imirt agus nuair a theip uirthí bhí sí amuigh. Do leanadar ag imirt annsin.
Bhí cluichí deasa eile acú. Chuaidh na páistí amach ins an bpáirc ins an Samhradh. Rinneadar blaithfhléasganna as nóiníní. Ní raibh blaithfhléasganna le fághail ins na siopaí. Seo é an chaoi a rinneadar iad. Fuaireadar traithnín fada. Bhailigheadar nóiníní. Chuireadar an traithnín trid na nóinínín. Rinneadar blaithfhleasganna marsin.
Bhí cluiche eile ag na páistibh. Púcóg an t-ainm a bhí air. D'imir na páistí an cluiche sin gach oidhche. Chuireadar píosa éadaigh ar súilí cailín amháin. Chuaidh na páistí eile i bhfolach. Chuaidh an cailín a bhí an púcóg uirthí ar a dtóir ar fud na cistine. An chéad duine a bheir sí air, chuir sí an púcóg uirthí. Do leanadar marsin ar feadh na hoidhche.

Bailitheoir
Bríghid Ní Fhloinn
Inscne
baineann
Seoladh
An tÁthán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Sean Mágh Fhloinn
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
An tÁthán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge