Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ar leanamhaint 28adh-3-38

againn agus tugaimíd Gort na gcruithneachta air. Ní fhásann m'athair aon bharra eile ins ngort seo acht cruithneacht. Fásann cruithneacht go han-mhaith ins an ngort seo. Fásann sí níos fearr ins an ngort seo ná i n-aon gort eile atá againn. Sin é an fáth a dtugaimíd gort na gcruithneachta air.
Tá páirc eile againn agus tugaimíd móinfhéar uirthí. Bíonn móinfhéar againn ins an bpáirc seo gach bliadhain. Ní fhaca m'athair nó mo sheanathair aon bharra curtha ins an bpáirc seo. Gheibhimíd go leor féartirm ins an bpáirc sin. Sin é an fáth go bhfuil móinfhéar mar ainm uirthí.
Tá páirc eile againn agus Croc Bheaba an t-ainm atá uirthí. Bhí mainistir annsin fadó. Bhí mánaigh ina gcomhnuidhe ins an mainistir sin. Nuair a tháinig Cromail go h-Éirinn sa mbliadhain míle sé céad dachad is a naoi sgcrios sé agus dhóigh sé an mainistir. Níl rian na mainistreach sin le feceáil indiú.
Tá páirc eile againn agus tugaimíd páirc árd uirthí. Tá sí níos áirde ná na páirceanna

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mairéád Ní Fhloinn
Inscne
baineann
Seoladh
An tÁthán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Sean Mágh Fhloinn
Inscne
fireann
Seoladh
An tÁthán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge
Suíomh
An tÁthán