Ar leanamhaint 28adh-3-38 againn agus tugaimíd Gort na gcruithneachta air. Ní fhásann m'athair aon bharra eile ins ngort seo acht cruithneacht. Fásann cruithneacht go han-mhaith ins an ngort seo. Fásann sí níos fearr ins an ngort seo ná i n-aon gort eile atá againn. Sin é an fáth a dtugaimíd gort na gcruithneachta air. Tá páirc eile againn agus tugaimíd móinfhéar uirthí. Bíonn móinfhéar againn ins an bpáirc seo gach bliadhain. Ní fhaca m'athair nó mo sheanathair aon bharra curtha ins an bpáirc seo. Gheibhimíd go leor féartirm ins an bpáirc sin. Sin é an fáth go bhfuil móinfhéar mar ainm uirthí. Tá páirc eile againn agus Croc Bheaba an t-ainm atá uirthí. Bhí mainistir annsin fadó. Bhí mánaigh ina gcomhnuidhe ins an mainistir sin. Nuair a tháinig Cromail go h-Éirinn sa mbliadhain míle sé céad dachad is a naoi sgcrios sé agus dhóigh sé an mainistir. Níl rian na mainistreach sin le feceáil indiú. Tá páirc eile againn agus tugaimíd páirc árd uirthí. Tá sí níos áirde ná na páirceannaQ B