Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ar leanamhaint 25adh-3-38

eile le haghaidh cruithneacht.
Tá páirc eile againn. Tá clos an Aifrinn mar ainm uirthí. Tá an pháirc sin suidhte i dTumárd. Tá sí i bhfad ó'n mbóthar. Tá clais an-mhór ins an bpáirc seo. Tá cnuic beaga timcheall na claise. Tugann siad fosgadh maith do'n chlais. Tá an chlais sin tirm i gcomhnuidhe. Is féidir le sluadh mór daoine a bheith ann in gan fhios do'n cheanntar. Ins an sean aimsir nuair a bhí na péin-dlighthe i bhfeidhm ní raibh cead ag na Gaedhil Aifreann a chloisteál. Do bhailigh na Gaedhil isteach ins an gclais. Do léigh an Sagart Aifreann ann. Bhí faitchíos an domhain orra roimh na saighdiúirí. D'fhágadar fear ar an árdán. Bhíodh sé ag faire. Go minic rug na saighdiúirí greim ar na Sagairt, agus do chuireadar iad chun bháis.
Tá páirc eile againn. Gort na ceárdchan a thugaimíd uirthí. San am fadó bhí ceárdcha annsin. Bhí seanfhear ina comhnuidhe inaice leí. D'oibrigh sé ins an ceárdcha sin. Thuit an ceárdcha. Níl fothraca ar bith ann indiú.
Tá páirc eile againn. Tá an léanach mar ainm uirthí. Talamh íseal is eadh é. Tá an pháirc cosamhail le portach.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Nic an Bháird
Inscne
baineann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraig Mac an Bháird
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Leithrinn