School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint 25adh-3-38eile le haghaidh cruithneacht.Tá páirc eile againn. Tá clos an Aifrinn mar ainm uirthí. Tá an pháirc sin suidhte i dTumárd. Tá sí i bhfad ó'n mbóthar. Tá clais an-mhór ins an bpáirc seo. Tá cnuic beaga timcheall na claise. Tugann siad fosgadh maith do'n chlais. Tá an chlais sin tirm i gcomhnuidhe. Is féidir le sluadh mór daoine a bheith ann in gan fhios do'n cheanntar. Ins an sean aimsir nuair a bhí na péin-dlighthe i bhfeidhm ní raibh cead ag na Gaedhil Aifreann a chloisteál. Do bhailigh na Gaedhil isteach ins an gclais. Do léigh an Sagart Aifreann ann. Bhí faitchíos an domhain orra roimh na saighdiúirí. D'fhágadar fear ar an árdán. Bhíodh sé ag faire. Go minic rug na saighdiúirí greim ar na Sagairt, agus do chuireadar iad chun bháis.Tá páirc eile againn. Gort na ceárdchan a thugaimíd uirthí. San am fadó bhí ceárdcha annsin. Bhí seanfhear ina comhnuidhe inaice leí. D'oibrigh sé ins an ceárdcha sin. Thuit an ceárdcha. Níl fothraca ar bith ann indiú.Tá páirc eile againn. Tá an léanach mar ainm uirthí. Talamh íseal is eadh é. Tá an pháirc cosamhail le portach.(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic an Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Mac an Bháird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Lerhin, Co. Galway