Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 11adh-2-38[Protastún]aigh a dhéanamh de muinntir na hÉireann. Ní raibh na Gaedheal sásta leis an méid sin. Bhí sgoileanna aca in ngan fhios dóibh. Seo í ceann aca agus an cinéal a bhí innti.Bhí ceann aca suidhte i Sean-áth. Bhí sé ann céad bliadhain ó shoin. Rinne na comharsanna an sean sgoil sin. Lá amháin bhailigh siad le chéile. Rinneadar na ballaí as dóib agus chuireadar ceann tuighe uirrí. Ní raibh airgid ar bith aca. Ní raibh trosgán ins an teach sin. Ní raibh ach fuinneóga beaga innti. Bhí seimné ar ceann an tighe. Ní raibh suidheacháin ar bith aca.Shuidheadar ar an urlár. Bhí an t-urlár glan agus tirm i gcomhnuidhe. Thuig na sgoláirí beart tuighe leo chuile lá. Do scaireadar an tuighe ar an t-urlár, agus marsin choinnigh siad é glan. Thugadar móin go dtí an sgoil gach maidin freisin. Tháinig na saighdúirí go minic. Do leag siad na sgoileanna. D'éaluigh na sgoláirí agus an muinteóir amach, agus bhí a sgoil aca ar chúl claidhe nó faoi chrann. Do mharbhuigheadar é go minic.Bhí na leabhra an-ghann an uair sin. Ní raibh leabhair ag aoinne ach an Máighistir. Ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac an Bháird
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe