Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 11adh-2-38[Ní] raibh cóip leabhair ar bith aca. Bhí slinne acain áit paipéir. Rinneadar a bpinn féin. Rinne siad na pinn so as cleití. Thug siad iad leo chun na sgoile. Rinne an Máighistir na pinn sin. Chuadar ar sgoil go dtí go rabhadar fiche bliadhain d'aois.Níor íoc an Riaghaltas an Máighistir. Gach seachtmhain thug gach sgoláire pighinn dó. Bhí meas mór ag na daoinibh ar an Máighistir. D'oibrigh sé ar son glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Ní raibh teach ná árus aige. Thug na feirmeóirí dó. Ní raibh airgid aca chun iad a íoc, agus mhúin sé a gclanna. Sin é an chaoi a n-íoc sé na feirmeóirí.Tháinig an Sagart ar chuairt chuige go minic. Ní tháinic cigre ar chuairte chuige ariamh, mar ní raibh cead aige. Tháinig tinneas ar an Máighistir. Fuair sé bás tobann. Tá sé curtha i nGleannamhágdubh. Nuair fuair sé bás chaill na daoine a chuid leabhra. Bhí deireadh leis an Máighistir annsin. Níl raon an sgoil sin le feicéal indiú. Ní raibh sé déanta de chlochaibh. Tá teach annsin indiú.
- Bailitheoir
- Máire Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac an Bháird
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe