Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leithrinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ar leanamhaint 7adh-12-37

siad air.
Chuir siad isteach i mála é. Bhíodar gh'á iomchur é go dtí an loch. Chas stráinséir orra. Do leagadar an mála ar an mbóthar. Do rith siad isteach i gcoill. Amadán a bhí ann. Do leig sé amach an fear a bhí ins an mála. Chuaidh é féin isteach ins an mála. Bhí áthas air. Cheap sé go raibh sé ag dul go Flaitheas. Chuaidh an fear a bhí ins an mála i bhfolach. Chaith an beirt an mála isteach ins an loch. Bhí na beithidhigh ag an bhfear saidhbhir.
Nuair d'éirigh siad ar maidin bhí iongnadh orra. Bhí sé sa mbaile roimhe. Cheap siad go raibh sé báidhte. Bhí go leór beithidhigh aige. Dubhairt sé go bhfuair sé iad ar thóin an locha. Chuaidh siad go dtí an loch. Do léim fear amháin isteach ins an loch. Ní fhuar sé beithidhigh. Thosuigh sé ag glaodhach. Níor thuig an fear eile é. Do léim sé isteach ins an loch, le cabhair a thabhairt do'n fhear eile. Bhí an beirt báidhte. Chuala an fear eile an sgéal. Bhí áthas air. Chuaidh sé go dtí an loch. Ní fhaca sé aon amharc orra. Bhí go leór airgead aige ar feadh a shaoghail. Bhí an beirt imtighthe. Ní bhac aon duine leis: Mhair sé go sona sásta ó shoin i leith.

Bailitheoir
Máire Nic an Bháird
Inscne
baineann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Mairéad Bean Uí Mhulláin
Inscne
baineann
Seoladh
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge