School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithrinn
- XML Page 125
- XML “Ceapadóireacht - Éad”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint 7adh-12-37siad air.Chuir siad isteach i mála é. Bhíodar gh'á iomchur é go dtí an loch. Chas stráinséir orra. Do leagadar an mála ar an mbóthar. Do rith siad isteach i gcoill. Amadán a bhí ann. Do leig sé amach an fear a bhí ins an mála. Chuaidh é féin isteach ins an mála. Bhí áthas air. Cheap sé go raibh sé ag dul go Flaitheas. Chuaidh an fear a bhí ins an mála i bhfolach. Chaith an beirt an mála isteach ins an loch. Bhí na beithidhigh ag an bhfear saidhbhir.Nuair d'éirigh siad ar maidin bhí iongnadh orra. Bhí sé sa mbaile roimhe. Cheap siad go raibh sé báidhte. Bhí go leór beithidhigh aige. Dubhairt sé go bhfuair sé iad ar thóin an locha. Chuaidh siad go dtí an loch. Do léim fear amháin isteach ins an loch. Ní fhuar sé beithidhigh. Thosuigh sé ag glaodhach. Níor thuig an fear eile é. Do léim sé isteach ins an loch, le cabhair a thabhairt do'n fhear eile. Bhí an beirt báidhte. Chuala an fear eile an sgéal. Bhí áthas air. Chuaidh sé go dtí an loch. Ní fhaca sé aon amharc orra. Bhí go leór airgead aige ar feadh a shaoghail. Bhí an beirt imtighthe. Ní bhac aon duine leis: Mhair sé go sona sásta ó shoin i leith.
- Collector
- Máire Nic an Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway
- Informant
- Mairéad Bean Uí Mhulláin
- Gender
- Female
- Address
- Lerhin, Co. Galway