School: Leithrinn

Location:
Lerhin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Labhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 124

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0012, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithrinn
  2. XML Page 124
  3. XML “Ceapadóireacht - Éad”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar leanamhaint 7adh-12-37
    d'éirigh sé agus chonnaic sé an laogh marbh, bhí brón air. Ní raibh fhios aige cé'n chaoi a bhfuair sé bás. Bhí sé ag ceapadh gur mharbhuigh an beirt é. Ní raibh sé cinnte. Níor labhair sé nó níor bhac sé leo.
    Bhain sé an craiceann de'n gamhain, agus d'fhill sé é. Chuir sé corp an ghamhna. Ghléas sé an capall agus chuaidh sé go Tuaim. Ar a bhealach go Tuaim luigh snag breac ar an gcraiceann. Rug sé air. Nuair tháinig sé go Tuaim chuaidh sé isteach i dteach ósta. Bhí gloine uisge beatha uaidh. D'iarr sé é ar an siopadóir. Thug sé an deoch dó. Níor ól sé é. Bhain sé sgréach as an snag-breac. Dubhair an fear go ndubhairt an t-éan nach raibh ins an ngloine ach uisge beatha gan mhaith. Dubhairt sé freisin gur bhagair an t-éan gan an deoch a ól. Chreid sé é. Theastuigh uaidh an snag-breac a fhaghail. Do dhíol sé é do'n siopadóir. Thug sé sparán óir ar an snag breac.
    D'imthigh sé abhaile annsin. Dubhairt sé go bhfuair sé an t-óir ar an gcraiceann. Chreid siad é. Mharbhuigh siad ngamhna. Bhain siad an craiceann dhíobh. Do dhíoladar é. Ní fhuaireadar ach leath-choróin air. Bhí fearg orra. Shocruigheadar é a mharbhú. Rug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an Bháird
    Gender
    Female
    Address
    Lerhin, Co. Galway
    Informant
    Mairéad Bean Uí Mhulláin
    Gender
    Female
    Address
    Lerhin, Co. Galway