Scoil: Ballinafad
- Suíomh:
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mrs Ruane
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballinafad
- XML Leathanach 268
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí dream fir ag dul thart fadó, agus daoine ar bith a dhíoladh fataí nó turnapí go daor, thagadís isteach ins na tighthibh san oidhche agus biodh íarainn aca agus théighedh siad na híarainn agus dhóighidís fear 'a tighe agus bean 'a tighe agus dhóighdís gach paiste sa teach.
Timpeall a dhó-dhéag a chlog ar an lá ar dógadh Teach Ósta Srath Salach chonnaic na daoine ceathrar nó cúigear fear ag dul soir an bóthar agus annsin tar éis uair nó mar sin chuala siad an torran uathbhásach agus tar éis sin chonnaic siad an teine ag dul suas san aer. Bhí bean ag stopadh sa dtigh ósta agus bhí sí ag iarraidh an trosgáin a thabhairt amach ach ni leigfeadh na fir a bhí ghá dóghadh an teach í, agus níor eirigh lei.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe