Scoil: Ballinafad
- Suíomh:
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mrs Ruane
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballinafad
- XML Leathanach 247
- XML “Scéaltaí Grinn”
- XML “Scéaltaí Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgéal
Bhí bean ag déanamh pota leite uair agus nuair a thosuigh sé ag fiucadh bhí sí dhá chorruigh le maide pota é agus léim cuid de suas in a héadan agus dhóigh sé é. Rug sí ar an tslú agus thóg sí cúpla splannca dhearg as an teine agus chaith sé isteach sa bpota é. "Anois a diabhail" ar sise má dhóigh tusa mise, dóighfidh mise tusa. - Timpeall dhá fhicead bliadhain ó shoin, bhi fear óg i mBéal-an átha-fada agus chuir a mháthair chun an aonaigh é ag díol stumpa de bullán leis an gcíos a íoch. Chuaidh sé chun an aonach agus dhíol sé an bullán. Thug sé spéis mór do chailín óg ag an aonach agus dfiafruigh sé dhe an bpósfadh sí é. Dúbhairt sí go bpósfadh. Chuaidh an cúpla suas go dtí an sagairt agus phósadar. Ceithre punt a fuair sé ar an mbullán agus ceithre punt a thug sé don tsagairt.
"Bíodh an clampar ag an gcíos tá an bhean agamsa anois" ar seisean agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe