Scoil: Ballinafad
- Suíomh:
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mrs Ruane
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá lios ins an sliabh shuas i nGlean-hóchan agus tá go leor soithe in aice an lios.
Bhí fear in a chomhnuidhe i nGlean-hócan agus Pádhraic Ó'Ceallaigh a bhí mar ainm air agus bhí sé i gcomhnuidhe ag rádh go ndeacaidh sé istigh sa lios ach mar sin féin bhí faitchíos air dul isteach idir na sean bhallaí. Lá amháin tar éis tamall ceannuigh sé luach dhá sgilling coinnle agus nuair a thánaic an oidhche las sé iad agus chuaidh sé chomh fada leis an lios, acht nuair a bhí sé ag an doras deirigh an gaoth agus chuaidh na coinnle amach agus ní dheacaidh sé isteach annsin cor ar bith mar bhí faitchíos air, acht deir na daoine gur é féin a chuir amach iad mar ní raibh gaoth ar bith ann an oidhche sin. - Tá cnoc i nGlean-dá-loch ar a dtugtar "Cnoc an loclannach" mar fadó nuair a bhí na loclannaigh in Éireann bhí cean daoibhtha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe