Scéal. An Triúr Dearbhráthar.
Bhí triúr dearbhráthar ann fadó. Beirt fhear críonna agus amadán. Dubhairt duine de'n bheirt críonna lá, go gcaithfeadh sé féin a dhul a' saothrú a beatha, Pádhraic a b'ainm dó.
Ar maidin lá'r na bháireach déirigh sé go moch ar maidin. Fuair sé a mháilín agus d'imthigh sé go dtí an baile mór. Casadh fear leis. D'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé a' dul. Dubhairt Pádraic go raibh sé ag cuartú oibre. "Béarfadh mise obair dhuit", ar seisean. "Cé'n obair", arsa Pádhraic. "Mo mháthair a thabhairt amach tamall gach lá, mar tá sí na cláirineach", ars an fear. "Cé'n pháighe"? ars Pádhraic? Chúig phúnt sa ráithche ar seisean, agus má fhághann tú aon locht air béidh an dá chluais le cailleadh agat. Chuaidh siad go dtí an teach annsin. Nuair abhí dinneár breágh leaghtha anuas chuige, d'fhiafruigh an t-sean-bhean dhe cé'n t-ainm abhí air. Dubhairt sé gurbh Pádhraic a b'ainm dó.
"Tabhair amach mé a Phádhraic ar feadh tamaill", ar sise'.
Thug sé amach í agus nuair a tháinig sé isteach ní raibh aon bhéilidhe le fághail aige. Lá ar na bháireach nuair abhí a bhéilídhe leagtha anuas aige, dubhairt an t-sean-bhean leis í a thabhairt amach arís.
(leanann ar an chéad leathanach eile)