Maidin chiúin dá'r éirigheas amach ar fud na gcoillte.
Go cinnte caitheadh saigheadh ;iom, is mo leigheas ní bhfuil le fághail.
Nuair a chonnaic mise an mhaighdean, fé bhruach na sgeiche droighne.
Gheit mo chroidhe le méidhir, acht níor éirigh liom í fhághail.
II
Nach truagh, nach mbeinn 'mo smóilín, is deas mar leanfainn ins an ród í.
Le cúmha i ndiaidh bláth na h-óige, mar sí do bhreó mo chroidhe.
Go mbeinn-se a seinm cheóil dí, ó mhaidin go tráthnóna.
Is níor bhaoghal di, galra dútchais, ná smúit ar bith ón ngaoith.
III
Is a stóirín tuige nach sgríobhthá agam-sa cúpla líne.
Nó cé'n cuan, nó caladh, a mbíonn tú, nó cá dyéidheann tú ós cíonn trágha.
Níl cnoc, níl gleánn, níl coillte, acht drúcht ar móin, mar radharc ann.
Is tá mo stór faoi shoillse ann, is nach mé
(leanann ar an chéad leathanach eile)