Nóra Ní Chonchúbhair Bháin
Is fadó fuair mé fághail, ar chailín óg sa ngleánn,
Agus geallamhaint ar í fhághail le pósadh
Acht mo chreach agus mo chrádh ní dhomh-sa a bhí sí i nánn
Acht don té úd nar trachtuigheadh fós air
II
Sé do chumann a bhí geárr, agus a chlis orm in gach gábhadh
Nó go súitear mé faoi chláracha ná cónra,
Acht a Nóra Ní Chonchúbhair Bháin sí do phóg ba mhian liom fághail.
Nó a bhfuil tú le bheith i ndán go deó dhom.
III
Nach ait mar thug mé grádh, do chailín óg san áit,
Mar bhí orm-sa go mór dí-céille,
Mar go bhfuil fhios ag an saoghal, is ag an mbaile beag seo a mbún
Ó go leanfainn scór mo chroidhe dá bhféadfainn
IV
Tá mo dhoilígheas croidhe chomh mó, is nach mairfidh mé mí beó,
Is nó misde liom gach sógha dá bhfuighidh tú
Dhéamhan a mbeidh mé i detach a óil, ná ins an teach is goire dó,
Is ní bhreathneóchadh mé ins an teach a mbéidh tú.
(leanann ar an chéad leathanach eile)