Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0505
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé le inghean an Mhéir faoisdean a dhéanamh agus rinneadh. D'iarr an saighdiúr annsin de a raibh na peacaí innsighthe ar fad aice agus dubhairt sí go raibh. "Ó", adeir an saighdiúr, "trá trí bhilleóga dubha an t-aghaidh anseo fós. Ar ghoid tú aon cheo ar feadh do shaoghail." "Ghoideas," adeir sí, "ghoid mé sparán airgid ó fhear atá píosa ó shoin ann." "Tabhair dhom an sparán sin anois," adeir an saighdiúr agus thug sí dó é. "Tá dhá bhilleóg mhóra dubha an t-aghaidh annseo fós. Ar ghoid tú aon cheo eile," adeir an saighdiúr. "Ghoid mé [fustion] globe ó'n bhfear céadhna," adeir sí. "Tabhair dhom é sin freisin," adeir an saighdiúr agus thug. "Tá billeóg dhubh eile an t-aghaidh annseo fós," adeir sé. "Ar ghoid tú aon cheo eile." "Ghoid mé bosga saighdiúr ó'n bhfear céadhna ar ghoid mé na rudaí eile uaidh," adeir sí. "Tabhair dhom é sin freisin," adeir an saighdiúr agus thug.
Tharraing an saighdiúr an t-ubhall fiadháin annsin as a phóca agus thug sé d'inghean an mhéir é. Dubhairt sé léithi plaic a bhaint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chathair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Púirín, Co. na Gaillimhe