Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0115
- XML “Seanscéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Bhí fear ' na chomhnuidhe i gCathair na Madra agus sé an t' ainm a bhí air ná Seán Ó Laoghaire. Lá amháin bhí sé ag dul thar caisleán Dún Guaire. Bhí an fear an fiosrach, ní raibh rud ar bith ag dul uaidh. Theastuigh uaidh gach rud a fheiceál. An lá seo chuala sé gleo istigh sa gCaisleán, agus shíl sé gurbh saighdiúirí a bhí ann. Chuaidh sé isteach sa gcaisleáin agus nuair a bhí sé leath-bhealaigh cuala sé na daoine ag rith síos agus nuair a dhearc sé timcheall níorbh saighdiúirí a bhí ann ach sídeóga. Nuair a chonnaic sé na sídeóga tháinig braighin [eagla] air agus léim sé ó bhárr an chaisleáin amach agus tháinig sé in aghaidh cloiche nó gur briseadh a chos. Níor mhair an fear ach lá in a dhiaidh sin. 2. Bhí fear ' na chomhnuidhe i gCilltartan agus sé an t'aim a bhí air ná Stiopháin de Róiste. Tugadh "Stiopháin na Sídeóga" mar leas-ainm air mar bhíodh na sídeóga ar lorg an fhir seo i gcomhnuidhe. An lá seo bhí sé ag teacht ó Gort Inse Guaire. Nuair a bhí sé ag dul thoir lios chuala sé siosgadh taobh istigh de'n balla. Iteach leis sa bpáirc agus thosuigh sé ag caitheadh cloch leis na sídeóga. Nuair a bhí na sídeóga imthighthe as amharc d' conntuigh an fear agus chuaidh sé i dtreó a cháirr. Bhí sé in aice an cárr thuit sé leis an meann [eagla] a tháinig air nuair a chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Congaoile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gorta Buí, Co. na Gaillimhe