Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0114
  3. XML “Taisce i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    próca mór óir. Bhí an mí-ádh air in a dhiaidh sin. Fuair a clann go léir bás.
    2. Bhí fear ag treabhadh i bpáirc agus rith an capall Chuaidh sí isteach i lios agus ní fhaca an fear an capall níos mó. Tháinig sé abhaile agus cuaidh sé go dtí Sydney san Astráil. Nuair a bhí a shaidhbhrea[s] déanta aige tháinig sé abhaile. Nuair a bhí sé in a chodladh oidhche amháin dúisigheadh é le torann agus nuair a bhreathnuigh sé timcheall chonnaic sé cailleach 'na seasamh i ngar do'n leabaidh. Tar-éis tamaill labhair sí agus dubhairt "tá óir ins an áit a chuaidh do chapall-sa isteach ann". Lá ar na bhárach chuaidh an fear ag rómhar san áit a dubhairt sí leis ach ní bhfuair sé tada.
    3. Bhí cailín 'na comhnuidhe in Árd Rathain agus lá amháin bhí sí ag teacht ó'n mbaile mór agus bhí coinneal leath-phighne aice. Casadh fear uirthí. Bhí an fear seo agus an cailín le bheith pósta. Rug an fear greim uirri agus chaith sé an calín isteach i bpoll a raibh sídeóga ann. Nuair a bhí a muinntir ar a tóir fuaireadar an cailín báidhte agus próca mór óir in a láimh aice.
    4. Dubhradh go raibh óir i lios in aice le h-Árd Rathaín. Oidhche amháin chuaidh sgata fear ag rómhar agus tháinigeadar comh fada le beirt cailleach ag maistriú i seomra áluinn. B'éigean do na daoine stop a chur leis an obair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Congaoile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gorta Buí, Co. na Gaillimhe