Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0084
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá meadar againn sa mbaile . . .”
Tá meadar againn sa mbaile acht ní meadar a dtugann muid uirthi acht cuinneóg. Tá sé idir dhá throighthe agus dhá throighthe go leith ar fhaid. Déanadh é os cionn fiche blian ó shoin.
Seo iad na gléiseanna atá ar chuinneóg an leoithne an cloip agus cuinneóg féin agus an clúdach. Ní chiuirtear aon mharc ar thóin na cuinneóige.
Déantar an t-im aon uair san tseachtmhain san samhradh agus san geimhreadh.
Nuair a thagann stróinséar isteach muna buaileadh sé greas leis an t-im a dhéanadh, deirtear muna gcuirfeadh tú smeochóidí te faoin gcuinnneóg sgibeach na sígheógaí an t-im as. Bhí bean ann fadó i nDubras agus bhí sí ag déanamh im agus tháinic fear isteach agus níor thug sé greas leis an t-im a dhéanamh agus ní chuir an bhean aon smeochóidí faoin cuinneóg agus dá mbéadh sí a buaileadh an leoithne suas síos ar feadh mí ní thagadh aon im ar a bord.- Bailitheoir
- Úna Ní Fhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Faoláin
- Inscne
- Fireann