Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0039
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí buachaill ann fadó . . .”
Bhí buachaill ann fadó agus gach oidhche rachadh sé ar cúirt chuig teach agus thiubharfadh na daoine tae dhó gach oidhche agus nuair a bheadh an buachaill ag tosnú ag ól an tae dhéarfadh fear an tíghe "tá mé féin sáthách tá mo bhean sáthách tá mo chlann sáthách agus duine gan náire nach mbeadh sáthách" annsin bheadh náire ar an buachaill fanacht ag an mbord indhiaidh na daoine eile agus d'eireóchadh sé ón mbord.
D'imthigh an buachaill abaile an oidhche sin agus thug sé gréasaidhe leis an oidhche eile thug bean an tíghe tae dhóibh agus dubhairt fear an tíghe "tá mé féin sáthách tá mo bhean sáthách agus duine gan náire nach mbeadh sáthách".
Bhuel adeir an gréasaidhe níl mise ná an buachaill sáthách.
Nuair a bhí siad súthách sáthach deirigh siad ón mbord agus shuidhe siad inaice leis an teine.
Sa deire dubhairt an bhean go raibh sé i nám dul a chodhladh.
D'fhiarruigh an gréasaidhe do bhean an tíghe an dtiúbharfadh sé leaba dó agus dubhairt sise nach raibh aon leaba aici dó acht an clúid.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann