Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)

Suíomh:
Dúros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Mearacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhras
  2. XML Leathanach 0040
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí buachaill ann fadó . . .

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chodhla an ghreásaidhe san gclúid an oidhche sin agus d'imthigh an buachaill abhaile.
    Amach san oidhche dubhairt fear an tíghe le bhean an tíghe "eirghe agus déan cáca dom mar tái mé stiúcaighthe leis an ocras.
    Leig an greasaidhe ar féin go raibh sé ina chodhladh acht nuair a bhí sí tamall ina suidhe dhúisigh sé.
    Thosuigh sí ag déanamh an cáca agus nuair a bhí sé déanta aici chuir sí ar an teine é.
    Annsin thosuigh an bheirt ag caint agus d'fhiarrui[gh] an gréasaidhe do'n bhean cé'n chaoi an raibh an talamh roinnte 'san áit ina raibh sí ina chomhnuidhe agus d'innis sí dó.
    Thosuigh seisean ag innseacht dí an chaoi a raibh sé roinnte ina áit féin agus rug sé ar an tlú agus thosuigh sé ag cur striocaí agus líontaí san gcáca go raibh sé ina smeadar aige.
    D'eirigh fear an tíghe agus chuaidh sé amach ag ithe cabháiste thosuigh an gréasaidhe ag glaodhach ar fear an tíghe mar dheadh.
    Rith sé féin amach agus thug sé liúradh mhaith dó agus níor eirghe sé go ceann seachtmhaine ina dhiaidh sin.
    D'imthigh an gréasaidhe abhaile agus é súthách sáthach mar gheall ar an rud a rinne sé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1363: Tale of the Cradle
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dúros, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann