Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)

Suíomh:
Dúros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Mearacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhras
  2. XML Leathanach 0007
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Is fearr stuaim ná neart.
    2. Ná comhair na sicíní go dteaga siad amach.
    3. Ní théigheann cuileóg sa mbéal a bhíonns dúnta.
    4. Níor dhún dia béarna ariamh nár oscail sé ceann eile.
    5. An rud a sgraíbhann an púca léigheann sé féin é.
    7. Ní thagann ciall roimh aois.
    8. Is fearr aon i do lámh ná dhá ceann ar tor.
    9. Níheadh lá na gaoithe lá na scolb.
    10. Tráthnóna fóghmhar nó cloc i bpoll mhóna.
    11. D'imthigh an t-ór agus d'fhan an óinseach.
    12. Is fearr cóir ná dul gan dlighe.
    13. Bíonn an fhírinne searbh.
    14. Dubhairt bean liom go ndubhairt bean leí.
    15. Is caora mhór an t-uan ibhfad.
    16. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
    17. Níl sógh gan an-sógh.
    18. Is iomdha lá sa gcill orainn.
    19. Ná cuir do corán i ngarraidh gan iarraidh.
    20. Is milis fíon, is searbh é íoc.
    21. Ná bí cruaidh, is ná bí bog.
    22. Is fearr cinn ná ceann.
    23. Saoghal maith ceatharnaigh trí cneadha lorgain.
    24. Is fearr marcuidheacht ar gadhar ná coisidheacht ar abhas.
    25. Ná caith amach an t-uisge salach go mbeidh an t-uisge glan.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dúros, Co. na Gaillimhe