School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach go raibh an t-acra sa mbaile in Éirinn agus go gcaithfeadh sé dul abhaile dá choinne. Ní rachaidh -tú abhaile a deir a'Rí tá do sháith oibre le déanamh annsin agat. Cuirfidh mise mo mhac fhéin dá choinne. Sgriobh a'Goban sios ainm an acra do mhac an Riogh agus thug sé an nóta dó agus dubhair leis an nóta a thabhairt do bhean a'mhic. D'imthigh mac an Riogh agus ní raibh i bhfad go dtáinic anall go h-Éirinn agus tháinic go -teach a'Ghobáin. Saoir cheacain sé an nóta do'n bhean oig. Leigh siseé "Sin acra ná'r fhág an teach seo riamh" adeir sí. Ghabh sise suas ag comhra mór a bhí sa gcisteannach. D'fhoscail suas clár na comhrann agus chrom sí isteach ann ag toruigheacht an acra a raibh cor an aghaidh an choir agus com in aghaidh an choim ann. D'ionntuigh sí thart ag mac an Riogh agus dubhairt leis go raibh an comhra ró domhain agus a dhul anall é féin agus cromadh agus go shroicfeadh sé é. Tháinci sé anall agu chrom sé isteach sa(continues on next page)
- Collector
- T. Mac Eochaidh
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín O' Culshléibhe
- Gender
- Male
- Address
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe