Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0110
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal faoí thaidhbhse
    Bhí bean in a comhnuidhe aon uair amháin í Muileann tirm agus fuair sí bás. Nuair a bhí sí caillte cúpla mí bhí fear ag dul amach aon oidhche amhain agus chonnaic sé an bhean a fuair bás in a seasamh ar thaobh an bhothair í n-aice lé siopa.
    Oidhche eile bhí bean ag dul amach agus chonnaic sí an bean ceadhna in a seasamh ar thaobh an bothair í n-aice an t-seop[a.] Nuair a chonnaic an bhean a bhí ag dul thart an bhean a fuair bás rith sí istea[ch] agus eagla mór uirrí agus dubhairt sí leis na daoine eile go bhfaca sí an bhean a fuair bás.
    Chonnaic an sagairt í oidhche eile agus dubhairt an sagairt leis "cé'n áit ar tháinig tú as." Dubhairt sí leis an sagairt go raibh sí í seomra an t-siopa. Thóig an sagairt amach leabhar agus tosuigh sé ag leigheadh as agus d'imthigh an bhean agus ní faca duine ar bith í in a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Duirmuid Ó Gormshúil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Gormshúil
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ruiséalaigh, Co. na Gaillimhe