Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0071
  3. XML “Galraí agus Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thabhairt duit nó a rádh "a ghiolla an chapaill bháin, cé'n leigheas atá agat do'n triuch" agus an rud adéarfas seisean tá sé cheart is cuma fánach no eile é.
    Tagann tinneas cinn ar óg agus ar aosta. Sé an leigheas is fearr, an chloigean a thomhas le snáithe olna trí Luain i ndiaidh a chéile. Bíonn an tinneas fiacail ar óg gus ar aosta freisin agus is pian cruaidh é. Tá leigheas aisteach do'n tinneas fiacail. Bhí tinneas fiacail ar mo shean-mháthair agus chuaidh sí go dtí fear a raibh pisreóg aige. Chuir an fear i n-a glúnaibh í agus dubhairt sí rud éicint nár thuig sí. Annsin scríobh sé rud eicint i bpáipeir agus thug sé di é.
    Dubhairt sé, an fhad a choinnóchadh sí an páipéir sin nach dtiocfadh an tinneas fiacail uirri. Acht dógadh an páipéir agus annsin tháinic an tinneas arís. Is iomdha uair a geibheann duine pian sa mbolg agus bíonn sé géar nuair a thiocfas sé i gceart. Bruitheann daoine an bhuachaill tighe í leamhnacht agus ólann siad é mar leigheas. Má gheibheann paisde pian sa mbolg craithtear é sé nó seacht n-uaire.
    Má gheibheann duine pian sa gcliabhrach (cléithín) déantar cáca mhin-coir-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Coisdealbha
    Inscne
    Baineann