Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0016
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal Grinn
Bhí Dónall Ó Conaill iall i Shasana agus theasmuigh ó na Sasanaí é a mharbhú. Thugadh ar cuire dó feasta a bhí acu. Chuir siad nimh ins an dighe a bhí acu le thabhairt dó. Bhí cailín aimsire ins an teach agus Gaodha a bhí innti. Chuala sí faoi an seift a bhí déanta suas acu.
Nuair a bhí Dómhnall i na shuidheadh ag an mbeilidh labhair an cailín aimsire leis agus dubhairt “A Dhomhnaill uí Chonaill an dtuigeann tú Gaedhilge?” “Tuigim a chailín céard is léar duit” ar seisean. “Tá rud in dó chupán a mharbóidh na céadta” ar sise. “Beidh a loch ort a chailín béarfa mé spréidh dhuit” arsa Domhnall.
Níor thug na Sasanaí aon aird ar a cainnt agus níor chuireadeadar aon tsuim ann. Shuidheadar síos ag bord annsin agus labhair Domhnall arís agus dúbairt “cuirfidh mé geall mór dairgead síos síos” ar seisean, agus leis sin tharraing sé mám airgid as a phóca agus leig sé dó a tuitim. D’fhéach na Sasanaí faoi an mbord cun é a fheiceál agus an am seo d’arthuigh sé gloine aca. Thug sé an gloine a raibh an nimh ann dón fhear a bhí i naice leis agus i gceann nóiméad bhí sé caillte.
Bhí iongnadh mór ar na Sasanaí agus is fada an lá gur thuig siad an cleas a d’imir sé.
M’athair mór Tómas Ó Gradaigh a dinnis an sgeal seo hAnradí Grádaigh a sgríobh é, ar an céad lá de mí na Feabhra. Bailitheoir = Anraoí GrádaighFaisnitheoir = Tómas Ó Grádaigh- Bailitheoir
- Anraoí Grádaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tómas Ó Grádaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann