Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear dlighe uair amháin ar thóir Printísigh, d'imthigh sé leis ar a bhealach siar. Nuair a tháinig sé gar do'n Clochán go h-áit ar a dtugtar Baile Con Riogh mar ar rugadh Micheál Mac Suibhne. Casadh gasúr do'n fhear dlighe. "Dia dhuit", ars an dligheadóir. Dia 's Muire dhuit ars an gasúr. Cá bhfuil tú ag dul, arsa fear. "Ag díol meala is ag ceannacht milseán" adeir an gasúr. "Cheapas" arsa 'an fear dlighe nach raibh aon rud chomh milis le mil." O tá, Salann, mar sé blas gach bídh é.
Ca bhfuil t'athair? arsa an fear dlighe. Tá sé sa mbaile." arsa an buachaill. "Céard tá sé ag déanamh" arsa an fear dlighe, tá sé ag baint an tuigheadh dá theach féin agus ag cur ar theach na comarsan é", arsa an buachaill. Ce'n chaoi a bhféadfadh sé sin a dheanamh," arsa an
fear dlighe. "Ta sé ag ól", arsa an buachaill.
Céard tá ag siubhail ag Dia" arsa an fear dlighe. Tá sé ag deanamh roithí" arsa an buachaill. "Ce le n-aghaidh" ars an fear dlighe. "Le na daoine atá thíos indiu - a bheith thuas amaireach," arsa an buachaill. Cá bhfuil do theach arsa
an fear dlighe. "Tá sé thiar annsin. Ta a leath de fa díon agus an leath eile gan díon ar bith. Cuaidh an fear dlighe go dtí an baile ag cuartú tighe an ghasúir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó hAoda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe