Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuaidh an Chailleach Bhéarrach amach lá ag baint fhéir í féin agus fear óg. Bhí draoidheacht ag gach aoinne acu agus bhí faoi gach duine acu an duine eile a mharbhú. Ach ba sine an draoidheacht a bhí ag an bhfear ná aice-se agus gach uile sraith a bhainfeadh sí bhíodh biorán as cliath-fheiriste (Klí-oisda) (?) sáidhte ag an bhfear ar an talamh roimpi agus bhaineadh sí an ceann de'n bhiorán le chuib sracadh de'n speil.Ag ceann gach sraithe déarfadh sí
"Faobhar abhaineas féar".
Ní h-eadh maise," a déaradh an fear, "ach fear maith láidir agus speal mhaith ghéár."
Fuair an fear an lámh in-uachtar uirthe agus um thrathnóna nuair a bhí sí sistilte chuir an fear bárr na speile sa sál innte, agus annsin thug an Chailleach Bhéarrach a mallacht do mhnaoi ar bith a rachfadh ag baint fhéir 'na dhiaidh sin.Trathnóna lá ar na bhárach nuair a bhí an fear óg ag filleadh abhailé agus a speal ar a ghualainn aige do léim an chailleach aníos as tom féir i bhfuirm frog. Rinne sí iarracht ar greim piobáin fhághail air. Tar éis spairn fhada d'eirigh leis an bhfear í a mharbhú. Annsin thug an fear óg a mhallacht d'fhear ar bith a rachfadh abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Mhultháin
- Inscne
- Fireann