Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach innis dom bhfuil fhios agat ca bhfuil Pá Ó Dhómh in a chomhnuidhe. Tá go deimhin lean an bóthar seo go dtiosfeadh tú go bóithrín ar thaobh do lámh ordóige; annsin lean do shróin 's ma theigheann tú amu ar ndóigh brisfidh an t-sróin. Ó ar seisean is abaidh a'buachaill thú. Ce'n cheard a bhéas agat nuair a bhéas tú níos sine? Maor muice ars an lad nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ag cur mo théarma isteach. Ce'n cheard ata agat fhéin? Deagh cheard adeir sé. Bíonn mé ag taisbáint
an bhealach dho na flaithis dho na dhaoinibh. Ó nach bréagach thú. Ní féadfá an bealach a