Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Suíomh:
- Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr M. Colmán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ar an mbaile ar ar tugadh "gréasuidhe" mar leas-ainm, ach cailleadh e tam ó shoin. Tugtar gréasaidhe ar an bhfear atá sa teach anois freisin ach ní raibh ceachtar aca i ndon bró [?] a dheasughadh. Níl a' rith leo ach an t-ainm.
Fadó bhíodh na daoine ar fad a' caitheadh bróga bun-ádhmaid agus "clogs" a tugtar m [?] ainm orra. Caitheann na spailpíní agus na daoine bochta anois iad mar tá siad ke fághail dha uai [?] nios saoire ná na bróga eile, mar ní chaitheann aoinne iad mar tá siad ro-throm. Bíonn siad déa [?] d'abhad agus bíonn píosa cruaidhe tart timcheall Seasann siad chomhfada is nach féidir iad a chaitheadh.
Níor leasuigheadh aon leathar sa bpar [?] ariamh. Chaitheadh siad píosaí de chraicne na n-ainmhí in áit bróga, agus caitheann muinntir Árann iad, agus is deas an rud iad a fheiceál. Bíonn siad ar na h-aontaigh móra i nGaillimh agus d'aithnéochtha ar an bpoinnte cé'n sórt beithidheach a a raibh an craiceann.
Bhíodh na gréadaidhthe i bhfad níos flú fadó mar ní bhíodh aon mhonarcla ann le bróga a dhéanadh agus bhíodh orra-sin iad a dhéanamh.- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe