Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Suíomh:
- Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr M. Colmán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is contabhairteach an rud capall a cheannsú. Nuair a bhíos muintir na tuaithe ag ceannsú capall fághann siad béalmhach agus cuireann siad ar an gcapall é. Ceanngluigheann siad faoi an gcárr é. Líonann siad an cárr le clócha ná le aoileach. Teigheann duine amháin dá chinnireacht agus corr-uair beirt. Teigheann duine eile taobh thiar den chárr agus beireann sé ar an sriain. Bíonn greim daingean aige ionnus go bhfanfadh sé socair.Bíonn faithchíos ar na daoine go ritheadh an capall agus sin é an fáth a gcuirtear ualaighe ortha. Tar éis seachtmhaine nó mar sin cuireann siad an chéacht air agus bíonn duine dhá cinnireacht i gcomhnaidhe. Bíonn siad ag obair leis mar sin chuile lá go mbíonn sé chómh tuirseach is nách mbeidh sé i ndon rith.Tar éis míosa nó mar sin, bíonn clearcad maith aige ar an obair agus fanann sé go socair faoin gcárr nó an chéacht nó an chliach agus bíonn muinghín ag an bfheilméar as. Cuireann sé isteach sa stábla gach oíche san nGeimhreadh. Cheanglaigh éann sé le adhastar don rása é agus tugann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe