Scoil: Eanach (An Mhainistir) (uimhir rolla 11675)

Suíomh:
An tEanach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An Br. Mac Ualgairg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eanach (An Mhainistir)
  2. XML Leathanach 0035
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh corp an sean fhear. Bhí giota páipéir agus (siub) rannaigh ag dul leis an ngaoith.
    Bhúal giota de rannach é ar a ghiall. Annsin thosuigh a ghiall ag cur fola. Núair a chonnaic a bhean é sin dubhairt sí gurbh é sin comhartha go rinne tú dochar eicínt le linn do shaoghal. Annsinn d'innis sé an scéal di faoi an sean fhear. Chuir an mnaoí fios ar na gárdaí agus thug na gárdaí é go dtí an cúairt. Daoradh é agus chrocadh [!] é.
    Scéal eile.
    Bí bean bocht ann úair amháin agus bhí beirt páisdi aici. Ní raibh aon teach ag an bean bocht seo agus bhíodh sí ag dul thart ag íarraidh lóisdín ar na daoine. Oidhche amháin bhí stoirm mór ann agus ní féidir leí lóisdín a d'fhagail i n-áit ar bith. Chúaidh sí síos go dtí an tráigh annsin agus bí sean báid ann.
    Chúaidh sí féin agus an beirt páisdi faoi an báid agus leagadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0780: The Singing Bone
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Mheachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Bhóthair, Co. na Gaillimhe