Scoil: Druim Caoin

Suíomh:
Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán A. Ó hArthaighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim Caoin
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann am amháin agus bhí triur mhac aige. Ní rabh fhios aige cadé dhéanfadh sé leóbhtha.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chonnaic sé solus, agus annsin fuair sé isteach i dteach bheag. Bhí sean-bhean astoigh. D'iarr sé lóisdín go maidin. Dubhairt sise nach dtabhradh, go rabh an sean-fhathach ar shiubhal ag iasgaireacht, s nach mbéadh sé sasta da dtigid sé as eisean astoigh aici-se. Fuair sé amach annsin agus mhothuigh sé an sean-fhathach ag teacht ag screadaigh. D'iarr sé lóisdín ar an tsean-fhathach. Dubhairt sé go dtabhradh nó gur fada ó mharbhuigh sé oiread éisg as mharbhuigh sé indiú. Chuaidh siad isteach as bruitheadh pota de'n iasg. D'fhiafruigh sé caidé'n cineál tír' a bhí annseo. Dubhairt an sean-fhathach go rabh péist le h-éirghe imbárach as an loch agus mar bhfuigheadh sé inghean ríogh le slugaint go rachadh sé thar an domhain. D'éirigh sé ar maidín, agus thug sé leis claidheamh beag a bhí ag an tsean-fhathach. Chuaidh sé fhad leis an loch as bhí an Rí ag ceangáilt a ingheanach ar chrann ag taobh an loch'. D'iarr sé air gan an inghean a cheángailt agus dubhairt an rí leis nuair a néireochadh an phéist nach mbéadh seisean í bhfad beó. Bhí sé ró luath. D'iarr sé uirthí a ceann a leagaint ar a glúin agus néall a chodladh. Ghearr sé grainín do na chuid gruaige, ghearr sé giota amach as íochtar a froc. D'éirigh an phéist as an loch. An chéad flap a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán A. Ó hArthaighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall