Scoil: Druim Caoin

Suíomh:
Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán A. Ó hArthaighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim Caoin
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    23. Arsa’n coileach: shiubhail mé soir agus shiubhail mé siar Is ní fhaca mé an bhróg a d’fhóirfeadh duit.
    24. Ní sheasochadh sac folamh i bhfad léis fhéin.
    25. Níl fhíos caidé tá anns an phota go dtí go mbaintear an clár de.
    26. Mas déag duit do chota is deise duit do léine.
    27. Na cuir a choidhche do lámh i mbéal an mhadaidh.
    28. Na trust fear a chaoidhche atá na chomhnuidhe i dteach cloiche, acht fear atá im boithe.
    29. Tiocfaidh ólann ar mo chaora-sa go fóill.
    30. Beatha na naomh indiú go dtí imbárach.
    31. Rann go beag as tug greim do achan duine.
    32. Níl duine ar bith is mó luthghair’ roimhe na stucaire.
    33. Ní rabh an tríomhadh lá de ghaoith ‘dtuaidh
    Nach rabh bealach-mór go h-uaigh.
    34. Ní mar shíltear ach mar cheuntear.
    35. Ní h-ionann dhul na bhaile-mhór agus a fhágail.
    36. Tuagh amach as láimh a’ tsaoir.
    37. Muna bhfuil tuilleadh mín’ agat béidh brachan lom agat.
    38. Tá áird ag an chat ar iasg acht ní máith leis a chosa a [fhlinichadh.]?
    39. ‘Té chuireas is é a bhaineas.
    40. Is deacar muir as talámh a fhreastal.
    41. Sláinte ó bhalla go balla, - ma tá an duine ins an bhalla labhaireadh.
    42. Tá súil agat a mhealfadh sgidín ó mhuic.
    43. Gheibh na ba bás fhad as bhíos an féar ag fás.
    44. “Laon” an domhnaigh ní bhíonn sé máith.
    45. Bhí mise lá bhí bolann mháith bainne agam,
    Bhí ceithre mná déag ag deánamh mo mhaistriú:
    D’ith siad an tim agus d’ól siad an bainne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán A. Ó hArthaighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall