Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Sean Mháire Ní Chripleas an tseán-mháthair agus mac duithe faoí na hascaill, agus í ag scuabadh an toighe," arsa seisean.
"Mo sháith de thuairisg atá agam," arsa mise, "acht da bhfuighinn tuilleadh bhéinn ar shiubhal."
"Tá sin annsiúd," arsa seisean, "sac folamh taobh astuigh de'n doras, agus é lán uisge."
"Mo sháith de thuairisg atá agam," arsa mise, "acht dá bhfuighinn tuilleadh bhéinn ar shiubhal."
"Tá sruthan ag dul suas in éadan an chnuic," arsa seisean, "agus bhéarfaidh sé go teach Sheóin Mheilidein thú."
Níor bhfada chuaidh mé féin suas ar lorg an tsruthan gur mharbhuigh mé liús.
Mar deirfeadh lucht na mbréag agus innse na scéaltaí na mó binn bholabnach teach choitcheannta a rabh san áit, na mó an cloigeann do bhí ar an teach. Ní thiocfadh liom fhéin iad a cheartughadh nó ní fhaca mé liús ariamh.
Casadh damh teach Sheóin Mheilideoin, í san lag, shuas mullaigh árdain, gan teach 'da comhair acht dhá chéad teach a bhí thart fa dtaobh [?] de. É na theach bheag bhaoideach, na theach bhréagh mhór, astuigh í lár eatorrtha. Ag dul isteach ar an doras damh casadh sac folamh agus é lán uisge damh.
Ag dul suas an turlar damh casadh orm sean Mháire Ní Chripleas, sean mhathair, mac duithe faoí na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Aghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall