School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 141
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá trí ba bainne agus ceithre ainmhidhthe óga againn sa bhaile. Comhnuigheann siad i dteach darbh ainm an boitheach. 'Sé na ainmneacha atá ortha '''an t-sean bhó," "an bhó bhreac" agus "an bhó bhuidhe."Cuireann muid cochán agus grabhar mónadh faobhtha mar leabaid. Bheireann muid turnaipí, cochán, preataí, agus cál dóbhtha mar bhiadh. Ceanglann muid iad le rópaí. Ceanglann muid na rópaí thart fá na cuid muineáil nó ar adharca na bó.Bligtear doer bheag ar an talamh ar eagla go mbéidh salachar ins an bhallan. Nuair a bhíonn daoine ag tiomaint ainmhidhthe ar an bhealach mhór deireann siad "Hip" leobhtha. Roimhe seo nuair a chailleadh bó an bhainne shílead siad gur na sidheógaí a ghoideadh an bhainne.Stábla a bheirtear ar an áit in a gcomnuigheann beathach. Bheirtear coirce, preataí, cochán, féar tirim, agus turnaipí do bheathach. Bhí dhá bheathach rása ins an áit seo a bhain rásaí agus b'iad seo a n-ainmneacha "Tomá Ruadh" agus "an Swilly Boy."Deirtear go bhfuil lorg cuid(continues on next page)
- Collector
- Séamus É. Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Dhún na nGall