Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)
- Suíomh:
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathmullan
- XML Leathanach 096
- XML “Tobair Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá comhartha againn go rabh Naomh Padaráig thart fá'n bhaile seo am amháin mar tá tobar in a ainm. Tá sé shíos i nGleann-bhar agus bheirtear an t-ainm "Tobar Naomh Padráig air. Gach bliadhain - Lá Naomh Padráig thig leat daoine a fheicéal ag dul go dtí'n tobar.Tá an tobar i lár páirce agus tá clocha thart ach níl crann ar bith annsin. Nuair a théigheann na daoine go dtí'n tobar guidheann siad do Naomh Padrág agus tógann siad uisge ó'n tobar i mbuidéal. Ní chuireann siad corca ar an buidéal.
Giot beag suas an cnóch ó'n sgoil tá "Tobar na gCnap". Níl fhíos againn cé'n naomh a bheannuigh an tobar ach téigheann daoine agus gheibh siad biseach ann. Tá clocha thart fá'n tobar seo fosda ach níl crann ar bith annsin.
Dha mhíle suas an bealach mór tá "Tobar na Súl". Fuair cuid mór daoine biseach ag an tobar seo. Má's maith le duine biseach a fhághail caithfeadh siad éirigh roimh 'n gréin agus dul go dtí'n tobar trí maidne indiaidh a chéile agus na súl a nighe leis an uisge 'sa' tobar.
Giota faoi Cill Naoimh Garbhain i bpáirc tá "Tobar Naoimh Garbhain" Ní théigheann daoine go dtí'n tobar seo mar níl fhíos ag cuid mhór de na daoine go bhfuil tobar bheannuighthe ar bith ins an pháirc.- Bailitheoir
- Guendolín Ní hEarcan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall