Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)
- Suíomh:
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathmullan
- XML Leathanach 073
- XML “Tobair Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Tá tobar beannuighthe shíos i Ghleann-Bhar Tobar Naoimh Pádraig bheirtear air. Sé an tuairim a tá ag na daoine gur choisric Pádraig é nuair a thainig sé amach as Inis Eoghain agus mar sin fuair sé an t-ainm Tobar Naomh Pádraig.Téigheann daoine ar turus go dtí 'n tobar gach bliadhain ar an 17adh de mhí na Márta - Lá Fheile Pádraigh - Is é an lá amháin de'n bhliadhain a bhfuil turus go dtí'n tobar seo.agus...
(2) Tá tobar beannuighthe taoibh shíos de'n roilig i gCille-Garbhain. Ní féidir fághail amach fá n-a-thaoibh - níos mó ná go tobar beannuighthe ann. Tá an tobar seo míle ó bhaile - Ráth Mhaoilín.
agus...
(3) ceann taoibh shuas dé'n bhaile - ceathramhadh míle nó mar sin - ar an bhealach go Octar Linne.Téigheann daoine annsin agus nígheann siad a gcuid láimh má tá (?) ortha. Caithfidh siad dul i gan fhios dé gach uile dhuine.(leanann ar an chéad leathanach eile)