Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)
- Suíomh:
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathmullan
- XML Leathanach 074
- XML “Tobair Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus
(4) Ceann ag Innis-Cill - ceithre míle o'n bhaile seo nó mar sin d alta (2). Ní bhfuaras móran eolais fá n-a-thaoibh - níos mó ná go rabh agus go bhfuil ceann ann.agus
(5) Tobar ag droichead ag Créig Madaidh Ruaidh dhá mhíle ó Ráth Mhaoilín ar an bhealach go Leitir Ceanainn.Creidim gur tobar beannuigthe é seo fosda ná tá daoine beó go fóill ar nígheadh ann nuair a bhí siad beag. Dá ba cas é nach raibh páiste ag fághail siubhal-na gcos nuair ba chóir dó (nó dí) sin a fághail bheirtí é go dtí 'n tobar seo agus níghthí é 'san uisce, in - úil go bhfuigheadh sé na cosa leis.Tá fhios agam fear beag i n-aice na scoile agus deirtear go ndearnadh sin leis - níl a fhios agam fíor bréagach an scéal. Bhéadh sé deacair aige fhéin sin a admhail anois agus deirfeadh daoine eile é ceacu fíor nó bréagach é.Níl móran cuma ar an tobar seo gur tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)