Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)

Suíomh:
Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1088, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1088, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rathmullan
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Agallamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Séan bheann "Ní fhaca mé thú le fada. Shíl mé go bhfeicfinn thú roimhe seo" Ar sgríobh tú síos gach rud ar innis mé duit?"
    Cailín "Sgríobh. D'imithigh mé ar chuairt go Doire, acht anois. Bhfuil fhios agat caidé'n séan-ainm a bhíodh ar Ráth-Mhaolin"?
    Séan-bhean "Tá fhios agam cinnte. 'Sé an t-ainm "Tearmonn" a chuir na daoine ar an bhaile seo"
    Cailín "Agus cáthuighe chuir siad an t-ainm sin ar."
    Séan bhean "Mar bhí manaigh 'na gcomhnuidhe annsin".
    Cailínn "Caitfidh mé sin a chuir síos. Agus bhfuil fhion agat ar cuireadh Ráth-Mhaolim ar?"
    Séan bhean "Tá Uair amháin bhí rí in a chomhuidhe annseo. Bhí caisléan ag an rí agus thart fá'n chaisléan bhí ráth. Ba ainm an rígh "Maolin" agus annsin chuir siad an t-ainm "Ráth-Mhaolin" ar an bhaile seo".
    Cailín. "Math go léor. Cuirfidh mé céist éile duit. An rabh níos mó daoine 'san bhaile seo tamall fada ó shóin na tá indui?"
    Séan bhean. "Bhí, go dtí'n gantanas mór, ach fuair cuid mhór bás agus chuaidh cuid mhór go dtí'n Oileán Úr." Cailín "Go rabh maith agat. Sin na rudaí a ba mhaith liom a fhághail. Slan leat a sheán -bhean". Béid mé leat arís i gcúpla lá"
    Séan-bhean "Tar cinnte agus innseochaidh mé sgéaltaí éile duit."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Guendolín Ní hEarcan
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall