Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Imeasg sléibhte Thírchonaill suidhte i gceart-lár móinte tá tobar de thobair bheannuighthe na hÉireann ar a dtugtar Tobar an Dúin.Tá an tobar seo fá tuairim ceathramhadh míle ar an taoibh theas de'n bhelach mhór atá ag dul ó Chill-mhic-nÉanain go Gartan - dhá mhíle ó'n chead áit agus sé mhíle ó'n áit 'nár rugadh Naomh Colmcille. Ní fhuil rud ar bith fa leith i gcuma nó i ndeanamh an tobair seo acht amháin mar atá i mór-chuid de na tobair beannuighthe eile atá ar fud na tíre. Tá an tobar é féín beag cruinn, carnán beag cloch thart fá dtaobh de agus leac mhór ortha seo mar cúmhdach do' n uisce. Ba doiligh deanamh amach carbh as a bhfuil an t-uisce ag teacht acht bíonn sé annsin sa tSamhradh agus sa Gheimhreadh agus ní fhaca aon duine beo aon laghdughadh air gídh go dtógtar na céadtaí galún as gach Dómhnach rith an tSamhraidh.Péirse nó mar sin ar an taoibh thoir de'n tobar tá cruinnuighadh bátaí agus iad saithte sa talamh ar nós fáschoill beag. Cróisiní iad seo a(leanann ar an chéad leathanach eile)