Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “An tÁbhar nach bhFuil Iasc le Fáil insan Mhaoil Rua”
  4. XML “Scéal ar Naomh Colm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá's ag an tsaoghal na bhfuil iasg le fághail ins an Mhaol Ruadh, cé go bhfuil siad go flúirsach sa tSuiligh taobh thoir de agus i gCuan na Long. Tá an sgéal mar seo ó aimsear Cholm Chille agus is amhlaidh a tharlaidh do réir seanchuis na ndaoine.

    Bhí Colm Cille ag teastáil na tíre aon lá amháin. Tháinig sé fhad le an Mhaol Ruadh agus shuidh sé síos mar go rabh sé tuirrseach, ocrach. Bhí beirt fhear amuigh ag iasgaireacht agus nuair a chonnaic siad Colm Cille ag teacht dubhairt ceann acu foluigh iad mar go bhfuil Com ag teacht.
    Nuair a shroich siad an áit in a rabh Colm na shuidhe beannacht siad é. D'fhiaffruigh sé dóbhtha an bhuair sibh dadaidh. Dubhairt siad-san nach bhfuair. Dubhairt Com Cille mar bhfuair sibh dadaidh gheobhaidh sibh ceann, mar fuair sibh i ghach ní ghoebhaidh sibh ceann go bráth.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Aon lá amháin tháinig ColmCille go dtí baile éiginteacht i dTír Chonail. Chruinnigh muinntir an bhaile thart, agus thoisigh Colm ag innsigh dóibh gach aon rud fa dtaobh do Dhia agus do'n chreideamh. D'éist siad go madhamhail leis tamaill, acht annsin dubhairt siad nach rabh ann acht amadán.
    Stad ColmCille annsin mar go rabh siad uilig ag gáiridhe air, agus ag radh nach rabh ann acht amadán
    "Bímsa mo amadán nó cá bhím." Cá bhíonn an bhaile seo go bráth gan amadán. Bh'fhíor do. Chan fhacthas an bhaile sin ó'n lá sin go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge