Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. An Gearrfhiadh, an broch; an coinín; an Madadh Ruadh; an Greannóg; an Lucóg; an Lucóg Mhór; an easóg; an easóg crann (squirrel); an cat fiudain; an Madadh uisge; an Gabhar Fiudhain; an Fiadh; an Firead.
2. Bíonn an gearrfiadh na luighe i fríochach no i grannóg féir: Bíonn an broch fríd carraigeacha. Bíonn an coinin 'na luighe ibfad sa talamh; Fanann an Madadh Ruadh ibfall sa lá agus bíonn sé ar a chois san oidhche. Bíonn an grannóg beó cumhdhuighthe le féar rith an geimhridh. Bíonn an Licóg agus an Lucóg Mhór beó i cruach coirce no i bpoll sa claidhe. Bíonn an easóg beó i bpoll agus is fior annamh atá sí le feiceal. Guideann sí mór mhaith don Feirmeóir no marbhuigheadh sí moran Lucóg. Bíonn an madadh uisge fán abhainn no loch ná fa'n fhairrge - agus é beó ar iasg.
3. Oidhche amháin bhí trí gasúr ag teacht na bhaile ó damhsa. Bhí coill aca le dul fríd. Thainic broch amach as pholl agus thainic ceann i ndiaidh a chionn eile amach go rabh seachtar acu amuigh. Thainig scannradh ortha agus rith siad ar siubhal.- Bailitheoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaughan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall