Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhaol Rua (Mulray)
- XML Leathanach 75
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sin sa chluid é agus dachead suíl air
RidealTéigheann sé thart an teach agus thart an teach agus luigeann sé i gcúl an doras
Sguab.Tá sé san tsiopa agus ca dtomhastar é
Tá sé san tobar agus cha dtógtar é
Scála.Níl moran mait ann agus baintear usaid as gominic
Eadach soithigh.Tá lán cnó caoirigh bána agam
Agus caora amháin i lár
Fialca agus teangaMuiltin gearr donn idir dhá gleann
Nuair a bhogas an M.G. donn boghas an da Gleann
Teanga.Ní tiocfadh leis dul suas an tsimlear suas
No siós an tsimlear suas acht tiocfad leis dul suas an tsimlear síos agus síos an an tsimlear síos.
Scáth feartainne.Tá capall beag agam-sa ceangailte don bhalla agus iosadh sé oired bidh ó seo go Dún na nGall
Teine.Tá mo ainm sios mo thán mo shloinne [?] mo muinntere
Cathair ó Cába(leanann ar an chéad leathanach eile)