School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 153
  3. XML “An Chéad Taibhse a Chuala mé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    feín, agus seo an dóigh a thairligh se:-
    Fa thuairm cúig is fice bhliadhain o sion bhí dearbhrathar de mo chuid ar a sheachnadh. Cheangal sé e féin suas ann arm Shasain agus nuair a bhí sé tamall ann fuair se amach níor thiteann an t-obair leis. D'fág sé an t-arm agus fuair sé na bhaile gan fhios do duine ar bith. Bhí se óg gan ciall ag an am. D'fán na bhfolach 'na bhaile go ceann leath-bhliadhain no mar sin agus b'eigean dó a fhanacht istuigh rith an lae, agus a ghabhail amac a shiubhail ins an oidhche.
    Oidhche amháin i mí na Samhna d'imthigh an bheirt againn amach. Sé dó deag a'clog a bhí ann nuair a d'fág muid an teach. Shiubhal muid linn ag cainnt fa dtaobh siud agus seo. Oidhche breagh geal siocaigh a bhí ann gan gealach ar bhith acht bhí na realtóga ag soillseadh go deas. Shiubhal muid linn agus níor stad muid go rabh muid amuigh ar bharr na binne ar an thaobh thall de Lug an Thairbh. Shiudh muid shios ar thuirteóigh annsin ag éisteacht le fuaim na dtonn agus ag amharc ar theac sholuis Thorraigh ag soillseadh.
    Shuidh muid annsin tamall maith gan focal a radh. Acht 'sa deireadh labhair mo dhearbhrathair agus arsa seisean
    "Tá súil agam nach dtiocfaidh an tarbh sin orainn anocht, tá muid bréagh comhgarach de na lug anois."
    "Rinne me dearmaid de sin" arsa mise, "agus tá sé níos fearr dúinn a bheith ag bogadh." agus deirigh me ann mo sheasamh. Acht cha rabh an focal deirneach as mo bhéal nuair a chualaidh muid seort threisne ins an lug mar a bhí rud eigin na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75